Ceisteanna coitianta

Cén áit agus cén uair a vótálfaidh mé? Táim i mo chónaí i XX agus is saoránach YY mé, cá vótálfaidh mé?

Bíonn faisnéis maidir leis na nósanna imeachta vótála (amhail dáta na vótála nó modhanna chun vótáil thar lear) ar fáil ó aireachtaí ábhartha na rialtas lena mbaineann (de ghnáth roinn gnóthaí baile, nó roinn gnóthaí eachtracha).

Ba mhaith liom ábhair a fháil chun daoine a chur ar an eolas faoi na toghcháin (meirgí, póstaeir, bioráin).

Tá na hábhair ar fad atá ag teastáil uait ar fáil ar an leathanach seo.

Níl a bhfuil uait faighte agat? Scríobh chuig teagmhail@anuairseobeidhmeagvotail.eu agus seolfaimid an t-ábhar ábhartha chugat trí ríomhphost nó tríd an bpost.

Conas a dhíliostálfaidh mé?

Cliceáil ar an nasc sa ríomhphost a bhfuair tú le díliostáil.

Conas a athróidh mé mo thír, shloinne, theanga nó ainm (mar shampla, sa chás go bhfuil sé litrithe mícheart)?

Chun do roghanna a athrú, logáil isteach i do phróifíl phearsanta agus déan do shonraí a nuashonrú. Mura bhfuil tú in ann do roghanna a nuashonrú, téigh i dteagmháil linn: teagmhail@anuairseobeidhmeagvotail.eu

Conas is féidir liom níos mó a fhoghlaim faoi na saincheisteanna atá faoi chaibidil sna toghcháin Eorpacha?

Tá tuilleadh faisnéise ar fáil faoi obair Pharlaimint na hEorpa agus na saincheisteanna atá faoi chaibidil ar ár suíomh gréasáin

Is foinsí maithe iad na meáin shóisialta atá ag Parlaimint na hEorpa freisin chun an fhaisnéis is déanaí a fháil:

Ba mhaith liom earráid a chur in iúl. / Níl do shuíomh ag feidhmiú i gceart.

Go raibh maith agat as é sin a thabhairt faoi deara. Scríobh ríomhphost chuig teagmhail@anuairseobeidhmeagvotail.eu le do thoil

Cé mhéad duine atá rannpháirteach a bhuí liomsa?

Seolfaimid gné nua go luath ar ár suíomh gréasáin lena mbeidh tú in ann do phróifíl a fheiceáil, lena n-áirítear líon na ndaoine a spreag tú chun “Is ea, an uair seo beidh mé ag vótáil” a rá.

Is féidir leat logáil isteach le do ríomhphost agus pasfhocal agus do phróifíl a fheiceáil, lena n-áirítear líon na ndaoine a spreag tú chun “Is ea, an uair seo beidh mé ag vótáil” a rá.

Seolaimid an t-eolas is déanaí chugat trí ríomhphost ar líon na ndaoine a n-earcaigh tú.

Táim cinnte gur thug mé cuireadh chuig 20 duine a bheith páirteach ach níl sé sin le feiceáil ar mo phróifíl!

Déan cinnte go bhfuil na daoine a bhfuil tú ag tabhairt cuireadh dóibh ag úsáid an nasc uathúil ceart (an nasc a chríochnaíonn le huimhir). Má chreideann tú go bhfuil botún ann, téigh i dteagmháil linn le do thoil ag teagmhail@anuairseobeidhmeagvotail.eu.