Glac páirt sa
dúshlán 12-réalta!

Cuir na dúshláin i gcrích

An bhfuil an mianach ceart ionat le daoine a spreagadh le vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha? Glac páirt inár ndúshlán 12-réalta mar sin agus bíodh ról agat i gcur chun cinn an daonlathais san Eoraip!

Bailigh réalta

Ní fhéadfadh sé bheith níos éasca. Beidh ort triail a bhaint as ceithre dúshlán chun fáil amach cé chomh maith agus atá tú ó thaobh rannpháirtíocht na dtoghthóirí sna toghcháin Eorpacha a chur chun cinn.

Déan na duaiseanna a scaoileadh

Chomh luath is a bheidh 12 réalta agat, d'fhéadfá roinnt duaiseanna a fháil. Tabharfar paca feachtais "An Uair Seo Beidh Mé Ag Vótáil" don chéad 500 duine a chríochnaíonn an dúshlán (bratach beag, peann, cártaí agus greamáin).

Tabharfar pacáiste chomh maith don 500 duine eile a chríochnaíonn an dúshlán (le dealg, peann, cártaí agus greamáin).

Gheobhaidh gach duine a chríochnaíonn an dúshlán 12-réalta suaitheantas a mbeifear in ann a roinnt ar na meáin shóisialta, chomh maith le teastas.

Sínigh isteach chun páirt a ghlacadh sna dúshláin

Cláraigh ar an leathanach baile.

cláraigh le do chuntas